Gaois

An Líonra Saineolaithe Náisiúnta

Tá Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ag cur seirbhísí téarmaíochta ar fáil do na haonaid aistriúcháin Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ó rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge in 2007. Tá an obair sin á maoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus á reáchtáil i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta in Foras na Gaeilge. In 2020 bhunaigh Gaois, le tacaíocht na Roinne, líonra saineolaithe náisiúnta ar mhaithe le comhairle a sholáthar d’aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh. Is minic a bhíonn na haisitritheoirí ag plé le coincheapa teicniúla agus cuideoidh sé leo a bheith in ann ceist a chur ar shaineolaí ar an ábhar sin agus freagra a fháil ina dteanga dhúchais féin. Is chuige sin an tionscadal píolótach seo. Tuilleadh eolais: lionra@gaois.ie.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.