Gaois

đŸ‘©â€đŸ’» đŸ‘šâ€đŸ’» { FĂ©ile HaiceĂĄla 2023 } đŸ‘©â€đŸ’» đŸ‘šâ€đŸ’»

Beidh féile haiceåla å reåchtåil ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG), DCU an fómhar seo!

  • Áit: Bialann Theach na Sinsear, Campas na Naomh Uile, DCU (Mapa Google & Mapa DCU).
  • Am: 13:00-17:00, DĂ© CĂ©adaoin an 29 Samhain 2023.
  • ClĂĄrĂș: ClĂĄraigh anseo mĂĄs mac lĂ©inn ollscoile thĂș nĂł mĂĄs mĂșinteoir meĂĄnscoile thĂș a bhfuil dalta(Ă­) de do chuid ag iarraidh pĂĄirt a ghlacadh. Ba cheart foirm amhĂĄin a lĂ­onadh le haghaidh gach iomaitheoir aonair nĂł foireann. NĂ­ gĂĄ foirm a lĂ­onadh do gach ball foirne. MĂĄ tĂĄ ceist agat, cuir rphost chugainn ag gaois@dcu.ie. ClĂĄraigh anois nĂł roimh an 15 Samhain le do thoil.

Fearfar fĂĄilte roimh iomaitheoirĂ­ aonair agus roimh fhoirne, agus dĂ©anfar breithiĂșnas ar ghnĂ©ithe Ă©agsĂșla dĂĄ gcuid oibre. Is do mhic lĂ©inn ollscoile (bunchĂ©ime nĂł iarchĂ©ime) agus do dhaltaĂ­ meĂĄnscoile an ĂłcĂĄid seo. Beidh an ĂłcĂĄid ĂĄ reĂĄchtĂĄil trĂ­ Ghaeilge, ach nĂ­ gĂĄ go mbeadh Gaeilge agat. Beidh cur i lĂĄthair 120 soicind le dĂ©anamh don slua ar an lĂĄ, agus beidh na moltĂłirĂ­ ag iarraidh splĂ©achadh a thabhairt ar an gcĂłd foinseach i rith an lae.

ClĂĄr ama tĂĄscach:

  • 13:00: Oscailt oifigiĂșil agus lĂłn.
  • 14:00-16:00: Forbairt agus plĂ© le moltĂłirĂ­.
  • 16:00-17:00: Cur i lĂĄthair, duaiseanna agus pĂ­otsa.
  • 17:00: CrĂ­och.

Is fĂ©ile saor in aisce Ă­ seo ach clĂĄrĂș linn faoin 15 Samhain trĂ­d an bhfoirm seo. Beidh bia agus caife saor in aisce ann do na hiomaitheoirĂ­ uilig.

Beidh duaiseanna AIRGID (i.e. dearbhĂĄin One4All) agus FÉIRÍNÍ le bronnadh orthu siĂșd a bheas i lĂĄthair ar an lĂĄ. Beidh duais ar leith ann don dalta/foireann mheĂĄnscoile is fearr.

Topaicí na féile:

Seo a leanas topaicĂ­ na fĂ©ile sa chaoi gur fĂ©idir tĂșs a chur leis an bpleanĂĄil agus leis an bhforbairt:

  • Topaic #1: An mhapĂĄil trĂ­ mheĂĄn na Gaeilge.
    • Sampla: Eolas logainmnĂ­ochta (nĂł eile) faoin ĂĄit a bhfuil tĂș nĂł faoi ĂĄit spĂ©isiĂșil eile.
    • Sampla: Eolaire Gaeilge geoshuite.
    • Sampla: Quiz geoshuite.
  • Topaic #2: Foghlaim na teanga.
    • Sampla: BreiseĂĄn foclĂłireachta nĂł tĂ©armaĂ­ochta.
    • Sampla: GineadĂłir crosfhocal/aimsitheoirĂ­ focal/trĂĄth na gceist.
    • Sampla: RĂ­omhchluiche teangabhunaithe.
  • Topaic #3: An Saol trĂ­ Ghaeilge.
    • Sampla: Gaeldar.
    • Sampla: Aimsitheoir Mastodaoine nĂł ĂșsĂĄideoirĂ­ BlueSky.
    • Sampla: Bota comhrĂĄ.

AcmhainnĂ­ ĂșsĂĄideacha agus inspiorĂĄid:

DĂ©anfar breithiĂșnas ar ghnĂ©ithe teicniĂșla den phĂ­osa teicneolaĂ­ochta a chruthĂłfar, agus ar ghnĂ©ithe eile a shonraĂ­tear sa rĂșibric thĂ­os.

CĂĄrta ScĂłrĂĄla:

  • Castacht theicniĂșil
  • Úrnuacht
  • Snas, dearadh agus crĂ­ochnĂșlacht
  • ÚsĂĄideacht nĂł feidhmiĂșlacht
  • InchothabhĂĄilteacht
  • PointĂ­ bĂłnais*

*Bronnfar pointĂ­ bĂłnais mĂĄ lĂ©irĂ­tear gur foghlamaĂ­odh rud Ă©igin nua, as fadhb nua a aithint, as a bheith gĂșfaĂ­ greannmhar, nĂł as na moltĂłirĂ­ a mhealladh le plĂĄmĂĄs!

Gaois

Ár leithscéal

NĂ­l an suĂ­omh seo comhoiriĂșnach leis an mbrabhsĂĄlaĂ­ grĂ©asĂĄin Microsoft Internet Explorer. Bain ĂșsĂĄid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nĂł brabhsĂĄlaĂ­ nua-aimseartha eile chun teacht ar ĂĄbhar an tsuĂ­mh.

Déan teagmhåil linn ag gaois@dcu.ie sa chås go mbíonn aon cheist agat.