Corpas Foclóireachta na Gaeilge
Thug Gaois faoi obair phíolótach i rith 2020 chun acmhainn nua corpais a chur ar fáil do thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge (agus d’úsáideoirí eile amach anseo). Tá an obair seo luachmhar ann féin agus mar chéad chéim de thionscadail féideartha eile chun corpas údarásach náisiúnta don Ghaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil. Ba é príomhsprioc na céime píolótaí seo corpais éagsúla a bhí tiomsaithe cheana ag Foras na Gaeilge, ag Gaois agus ag an Ollamh Kevin Scannell a thabhairt le chéile faoi chomhéadan inchuardaithe amháin.
De bharr shrianta cóipchirt, níl rochtain phoiblí ar an gCorpas Foclóireachta ar fáil faoi láthair.