Gaois

a phort seinnte

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

port, seinm

Cur síos

Deireadh leis; a ré rite.

Samplaí corpais

  • Ní baoghal dúinn an Iúdach anois. Ní mheallfaidh sé sin aoinne againn ó chreideamh ná ó mhacántacht beatha. Ní baoghal dúinn an t-eiriceadach anois, puinn. Tá a phort san seinnte nách mór.

  • Cheap sé go raibh a phort seinnte agus nár bh'fhios cad a bhí le h-imtheacht air nuair a thiocfadh Feargus ag socarú ' cúntaisí leis.

  • Tá mo ghnó déanta! Tá mo phort seinnte! Táim tachtaithe, múchta, imeartha! - agus sraedh, nó séideadh, nó cnead, nó casachtach ag teacht asam idir gach aon dá fhocal.

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.