Gaois

ag iarraidh cuimilt leis an ádh

Leathnath

Ceannfhocail

ádh, cuimilt, iarr

Cur síos

Ag imeacht leis an ádh, ag iarraidh an mí-ádh a sheachaint.

Samplaí corpais

  • Ansan, moltar an t-ádh agus cáintear an mí-ádh. Bíon uraim do'n ádh agus bíon droch mheas ar an mí-ádh. Bíon gach aoinne geal-gháiriteach leis an ádh. Ní bhíon le fághail ag an mí-ádh ach an doithigheas. Bíon gach aoinne a d'iaraidh cimilt leis an ádh. Bíon gach aoinne a d'iaraidh druidim amach ó'n mí-ádh.

Míniú breise

  • Drochádh a sheachaint, ag cabhrú leis an ádh, i bhfabhar an áidh - helping the luck.
  • An mí-ádh a sheachaint.
  • Is maith leis an duine an t-ádh gan dabht. "Ná bíodh aon chimilt agut leis" - have nothing to do with him.
  • A bheith ag imeacht leis an ádh, cóngarach don ádh, ag seachaint an mhí-áidh, ag imeacht leis an ádh.
  • Bíonn meas agus éileamh i gcómhnaí ar an ádh agus gach aoinne a'd'iarraidh teanghbháil (cuimilt) leis.
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.