Bogearraí Foinse-Oscailte
Bíonn grúpa taighde Gaois i mbun bogearraí agus réitigh ríomhchuidithe a fhorbairt chun tacú leis an obair atá ar bun ag ár gcuid páirtnéirí agus lenár gcuid taighde féin. Cuirtear roinnt de na huirlisí seo ar fáil ar bhonn foinse-oscailte. Tugtar eolas thíos maidir leis na tograí a bhfuil forbairt agus cothabháil leanúnach ar siúl orthu. Foilsítear doiciméadacht theicniúil a bhaineann lenár gcuid bogearraí foinse-oscailte ar docs.gaois.ie.
Terminologue
Uirlis bhainistíochta foinse-oscailte don téarmeolaíocht is ea Terminologue. D’fhorbair grúpa taighde Gaois bogearra Terminologue ar dtús chun cur ar chumas Foras na Gaeilge Téarma, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie), a bhainistiú. Tá c.186,000 iontráil i mbunachar téarmaíochta Téarma a dhéantar a bhainistiú in ásc tiomnaithe príobháideach de Terminologue.

Cuireann Gaois ásc néalbhunaithe den bhogearra Terminologue ar fáil ag terminologue.org, áit ar féidir leat cnuasaigh théarmaíochta a scríobh agus a fhoilsiú. Is féidir d'ásc príobháideach féin de Terminologue a shuiteáil agus a óstáil ach an cód foinseach a íoslódáil ónár stórlann GitHub. Is le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath cóipcheart an bhogearra agus tá sé seo ar fáil faoi cheadúnas foinse-oscailte MIT.
Chun breis eolais a fháil:
- Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin terminologue.org.
- Íoslódáil nó déan forc den stórlann GitHub.
- Léigh an doiciméadacht theicniúil ar docs.gaois.ie.
GeoNames2Sql
Uirlis is ea GeoNames2Sql a úsáidtear chun sonraí Gasaitéir a iompórtáil ó bhunachar sonraí geografacha GeoNames agus iad a stóráil i mbunachar sonraí coibhneasta SQL Server. Baineann Gaois leas as an uirlis seo ar mhaithe le sonraí geografacha a anótáil i dtacair sonraí mar an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (ainm.ie) agus Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD (dúchas.ie). Ríomhchlár consóil C# (.NET Core) is ea GeoNames2Sql.
Chun breis eolais a fháil:
- Íoslódáil nó déan forc den stórlann GitHub.
- Léigh an doiciméadacht theicniúil ar docs.gaois.ie.
Gaois.Localizer
Foireann uirlisí i dtaca le feidhmchláir ghréasáin ilteangacha a thógáil ar ASP.NET Core is ea Gaois.Localizer. Tacar meánearraí so-chumraithe don logánú atá i gceist, lena n-áirítear uirlisí a dhéanann deimhniú ar chultúr an iarratais, bainistiú ar fhianáin logánaithe, láimhseáil ar eisceachtaí agus athscríobh ar URL. Cuireann an méid seo síneadh le bunfheidhmeanna logánaithe agus domhandaithe an chreatlaigh chun taithí an fhorbóra a éascú agus suíomhanna gréasáin logánaithe á dtógáil.
Chun breis eolais a fháil:
- Aimsigh Gaois.Localizer ar NuGet.
- Íoslódáil nó déan forc den stórlann GitHub.
- Léigh an doiciméadacht theicniúil ar docs.gaois.ie.
Gaois.QueryLogger
Logálaí iarratais simplí so-chumraithe i gcomhair feidhmchláir ASP.NET agus ASP.NET Core. Úsáideann Gaois é chun staitisticí cuardaigh a logáil in SQL Server. Leabharlann C# (.NET Standard 2.0) is ea Gaois.QueryLogger atá comhoiriúnach le feidhmchláir a thógtar le ASP.NET Framework 4.6.1, le ASP.NET Core 2.1, nó le leaganacha níos úire de na creatlaigh sin.
Chun breis eolais a fháil:
- Aimsigh Gaois.Localizer (ASP.NET) ar NuGet.
- Aimsigh Gaois.Localizer (ASP.NET Core) ar NuGet.
- Íoslódáil nó déan forc den stórlann GitHub.
- Léigh an doiciméadacht theicniúil ar docs.gaois.ie.
Documental
Ardán chun doiciméadacht theicniúil ilteangach a chur ar fáil is ea Documental, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU). Is é is bonn lenár suíomh gréasáin doiciméadachta docs.gaois.ie.
Chun breis eolais a fháil:
- Íoslódáil nó déan forc den stórlann GitHub.
- Léigh an doiciméadacht theicniúil ar docs.gaois.ie.